Roghachlár Scoil an Léinn Cheiltigh
Scoláireachtaí
Cuireann Bord Rialúcháin Scoil an Léinn Cheiltigh suas le cheithre cinn de scoláireachtaí taighde ar fáil in aghaidh na bliana, nó ó am go ham do réir mar a cheadaíonn acmhainní, do mhic léinn atá ag gabháil do chéim dochtúireachta nó a bhfuil an chéim sin bainte amach acu. Scoláireachtaí trí bliana a bhíonn i gceist de ghnáth (le coinníoll athbhreithnithe ó bhliain go bliain). Stipinn (saor ó cháin): €25,000 (le PhD), €17,500 (gan PhD). Is gnách go mbíonn feidhm le scoláireacht ón 1 Deireadh Fómhair.
Fáilteoidh Bord Scoil an Léinn Cheiltigh roimh iarratais ó scoláirí atá ag gabháil do thaighde sa Léann Ceilteach agus roimh iarratais ar cheann de na scoláireachtaí ó thaighdeoirí a bhfuil spéis acu i gcanúintí na Gaeilge.
Tá foirmeacha iarratais le fáil anseo (PDF) nó scríobhtar go dtí An Riarthóir, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Árd-Léinn Bhaile Átha Cliath, 10 Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath 4, Éire.
Níl aon folúntais faoi láthair.
Eagraíocht intofa faoi scéimeanna maoinithe IRCHSS is ea Institiúid Ard Léinn Bhaile Átha Cliath.
Comhaltacht Uí Aimhirgín
Is corparáid neamhspleách reachtúil i gcomhair taighde í Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a bunaíodh sa mbliain 1940. Trí Scoil atá inti a bhfuil sé mar chúram orthu taighde bunaidh a dhéanamh. Is iad sin Scoil an Léinn Cheiltigh, Scoil na Fisice Teoiriciúla, agus Scoil na Fisice Cosmaífaoi seach. Is í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta atá freagrach as maoiniú Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus is don Roinn sin a thuairiscíonn sí.
Aidhm Scéim Chomhaltachtaí Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
Is iad na haidhmeanna atá le Scéim Chomhaltachtaí Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ná: (i) postanna meán-téarmacha dea-thuarastail a thairiscint do thaighdeoirí ard-chumasacha i dtús a réime a mbeadh geallúint fúthu chun taighde a dhéanamh i dtimpeallacht taighde den chéad scoth; agus (ii) cur le cláracha taighde na hInstitiúide trí dhaoine agus smaointe nua a chothú agus a thabhairt isteach go rialta.
Tá an Scéim Chomhaltachtaí i Scoil an Léinn Cheiltigh ainmnithe den Ollamh Osborn Ó hAimhirgín, céadstiúrthóir Scoil an Léinn Cheiltigh, a bhí ar dhuine de phríomhscoláirí Gaeilge a linne.
Intofacht
Ní mór d’iarrthóirí an chéim PhD a bheith bainte amach acu, agus taithí d’ardcháilíocht a bheith acu i mbun taighde ar ghné(ithe) den Léann Ceilteach.
Critéir Roghnaithe
Bronnfar an Chomhaltacht i Scoil an Léinn Cheiltigh ar bhonn na gcúinsí seo leanas amháin:
- Díntiúirí taighde an iarrthóra agus an gheallúint atá faoi/fúithi
- Cáilíocht an tionscnamh taighde i gcomhthéacs raon saothair agus leas straitéiseach na Scoile
Coinníollacha Ceapacháin
Ceapfar an Comhalta ar chonradh sprioc-théarma idir 3-5 bliana. Áireofar an chéad bhliain mar thréimhse phromhaidh. Is é scála an tuarastail €45,769–50,976. Ceapfar Comhaltaí ag an íosphointe.
Áiseanna Tacaíochta Taighde
Beidh an Comhalta in ann úsáid a bhaint as áiseann taighde Scoil an Léinn Cheiltigh, agus soláthrófar liúntas taistil le haghaidh cuspóirí taighde nuair a cheadaíonn acmhainní chuige sin.
Riachtanas tuairisce
Ní mór don Chomhalta tuarascáil in aghaidh na bliana a sholáthar do Stiúrthóir na Scoile le cur faoi bhráid an Bhord Rialúcháin, ina gcuirfear síos ar an obair thaighde atá i gcrích le bliain anuas agus ina leagfar amach plean oibre don bhliain a leanann.
Dualgais
Beidh dualgas ar an gComhalta a bheith dírithe ar a c(h)uid taighde i gcomhairle le Stiúrthóir na Scoile. Ní mór freisin páirt iomlán a ghlacadh i saol na Scoile, freastal ar chainteanna agus seiminéir, agus a bheith gníomhach i mbun foilsitheoireachta. D’fhéadfadh sé ó am go ham go n-iarrfadh an Stiúrthóir ar an gComhalta seimineár a thairiscint; cabhrú le stiúrú mhac léinn taighde; cúnamh a thabhairt maidir le hiarratais ar mhaoiniú a chur le chéile; agus cuidiú le tionscnaimh na Scoile.
Iarratais agus sprioclá
Níl aon folúntais faoi láthair
Is fostóir comhionannais í Institiúid Ard-Léinn Bhaile Atha Cliath.
